Tá siopa an Spailpín Fánach lonnaithe í gCeardlann an Spidéil, ionad breá ceardshiopaí suite go gleoite ar Chuan na Gaillimhe, agus ag breathnú amach ar an mBoireann agus ar Oileáin Árainn. Is fiú go mór an turas gearr a dhéanamh siar ó Ghaillimh to dtí Geata na Gaeltachta. Tá 10 gcinn de cheardshiopaí ar an láthair maraon le an Builín Blasta, áit a chaithfidh tú lón breá folláin ar do shuaimhneas. Agus céard faoi snámh beag fad is atá tú ansin, nó ar a laghad siúlóid shláintiúil ar an gcladach?