Cnuasach álainn d'amhráin Nollag, canta go snasta ag an sár-amhránaí Róisín Elsafty agus casta ar phíopaí agus feadóga ag Ronan Browne, le tionlacan ar na méarchláir ag Tony Maher.
Is saothar dochreidte álainn é seo ó dhuine de na fonnadóirí is binne dá bhfuil ann. Amhráin thraidisíunta Nollag na Gaeilge, chomh maith le hamhráin agus cearúil a bhfuil aithne againn ar fad orthu, aistrithe go paiteanta ag máthair Róisín, Treasa Ní Cheannabháin.
Ceol den scoth ón sár-cheoltóir Rónan Browne.
Molann Spailpín go hard an t-albam agus na hoirfidigh iontacha seo.
Níl aon léirmheasanna don táirge seo.