Go leor ag tarlú anseo sa Spailpín agus muid ag fáil faoi réir do shéasúr na Nollag. Ag iarraidh a chinntiú go mbeidh réimse breá d'earraí nua daoibh .

Mar a fheiceann sibh thuas, tá albam nua díreach eisithe ag Colm Mac Séalaigh ball de bhanna ceoil Na Fíréin. Tá 18 d'amhráin nuachumtha air, i stíleanna éagsúla agus ag plé le réimse leathan ábhar. Is fiú go mór é a bheith i do bhailiúchán agat. An-áthas ar mhuintir An Spailpín Fánach bheith bainteach leis. Tá an dlúthdhiosca, maraon le na liricí. Agus don chead uair riamh...is féidir éisteacht le cuid de na rianta ceoil ar an suíomh seo

Tá forbairt á dhéanamh againn ar an siopa seo faoi láthair, agus mar fhreagra ar éileamh leanúnach, tá sé rannóg nua do chártaí beannachta á chur ar fáil againn, chomh maith le leathnú a dhéanamh ar ár réimse ceoil agus eile.

Rud eile gur fiú a lua, is féidir linn t-léinte do do rogha féin a dhéanamh chomh maith le léinte Spailpín. Orduithe móra agus beaga....ceann amháin fiú. Smaoinigh air.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar. Bíonn muid ar oscailt fós seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú gan mhoill.

Tá sé go hálainn anseo i gConamara anois agus an Fómhair buailte linn. Roinnt cuairteoirí fós thart, buíochas le Dia.

Tá muide lonnaithe i gCeardlann an Spidéil maraon le naonúr de cheardaithe eile agus bialann álainn, An Builín Blasta. Tá an Cheardlann ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe i mbliana, agus ní raibh an áit riamh ag breathnú chomh breá. Buail isteach má bhíonn tú sa cheantar, nó tabhair cuairt ar shuíomh na Ceardlainne ag www.ceardlann.com.

Bhí roinnt mhaith t-léinte nua againn i rith an tsamhraidh agus, mar a fheiceann sibh, dearadh nua don Fhómhair. Mar sin, seo seanfhocal an Fhómhair. Tá a fhios againn go nglacfaidh roinnt daoine an bhrí mí-cheart as, ach sin mar a bhíonn i gcónaí. Ní meisce ná andúil ata i gceist, ach TART. 'Galar gan náire an tart', ar fáil ar t-léinte orgánacha chomh maith le geansaithe agus cochaill, d'ard-chaighdeán.

Rud eile gur fiú a lua. Is féidir linn t-léinte do do rogha féin a dhéanamh chomh maith le léinte Spailpín. Orduithe móra agus beaga....ceann amháin fiú. Smaoinigh air.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar. Bíonn muid ar oscailt fós seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú gan mhoill.

Bhuel tá an samhradh buailte linn i gceart anois. Bhí an aimsir go hálainn anseo i gConamara go dti seo. Go seasfaidh sí i bhfad.

Tá an ceantar anseo lán de scoláirí Gaeilge faoi láthair, agus tá an áit ag mothú breá bríomhar. Fáilte roimh na scoláirí agus a gcuid tuismitheoirí isteach i siopa an Spailpín

Thug muid ar ais ana t-léinte speisialta samhraidh a bhí againn anuraidh,"Is maith an cara, lá fada samhraidh" Tá siad breá feiliúnach do na laethanta breátha fada seo. Freisin tá roinnt dearaí nua againn anois le hofráil in sna coláistí. Is gearr go mbeidh siad ar líne againn.

Go leor geansaithe cochaill á ndéanamh againn faoi láthair do na coláistí áitiúla. Cinn speisialta le hainm an choláiste agus an bhliain orthu.

Foireann iontach ag obair linn sa Spailpín an samhradh seo. Don chéad uair le fada, d'éirigh linn foireann iomlán le Gaeilge a chur le chéile, as Conamara, Árainn, Baile Átha Cliath agus an Ostair, Deichniúr ar fad.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Anois agus aimsir laethanta saoire buailte linn má bhíonn sibh sa Spidéal, buailigí isteach chugainn. Bíonn muid ar oscailt faoi láthair seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go bhfeicfidh muid thú gan mhoill.

Ag ceiliúradh na Bealtaine. Tá bronntanas beag againn daoibh. Peann, 'nach scríobhann ach Gaeilge' agus greamán fuinneoige 'Gaeilge agus Fáilte' de luach €4. Ordaigh rud ar bith i mí Bealtaine agus tiocfaidh siad sa bpacáiste.

Tá t-léine nua againn freisin...... i mBéarla, dírithe orthu siúd nach bhfuil ró-cheanúil ar an nGaeilge. Fuair muid an smaoineamh agus an dearadh ón mBreatain Bheag. Féach Cowbois.com

Seanfhocal nua don earrach. Ag cur san áireamh an staid ina bhfuil muid faoi láthair agus na fórsaí láidre atá inár n-aghaidh, cheap muid go mbeadh an ceann seo an-oiriúnach. "An té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic" Agus is dócha go dteastaíonn gliceas in aghaidh nirt. Tá an dearadh seo ar fáil ar t-léinte, cochaill agus geansaithe, i rogha breá dathanna

Mar a fheiceann sibh in uachtar, tá muid anois ar fáil ar Facebook agus Twitter. Más mian leat rud ar bith a phlé go poiblí linn, níl ort ach gliogáil ar na cnaipí thuas.

Freisin ba mhaith linn a chur in iúl daoibh go bhfuil na t-léinte 'Dearg le Fearg' ar fáil i gcónaí. Cinn do pháistí ar fáil chomh maith ach iad a iarraidh

Ball éadaigh nua atá againn, agus a thaitneoidh go mór libh ceapann muid, ná an babygrow beag do leanaí beaga bídeacha. Tá siad bog agus tá caighdeán iontach iontu. Ná déan dearmad orthu nuair a thagann leanbh nua ar an saol.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

An t-earrach buailte linn. Má bhíonn sibh sa Spidéal, buailigí isteach chugainn. Bíonn muid ar oscailt faoi seacht lá na seachtaine

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.

Tá sé in am do sheanfhocal nua, ceann an earraigh. Ag cur san áireamh an staid ina bhfuil muid faoi láthair agus na fórsaí láidre atá inár n-aghaidh, cheap muid go mbeadh an ceann seo an-oiriúnach. "An té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic" Agus is dócha go dteastaíonn gliceas in aghaidh nirt. Tá an dearadh seo ar fáil ar t-léinte, cochaill agus geansaithe, i rogha breá dathanna