Réimse dearaí nua.

Tá an ceantar anseo an-ghnóthach faoi láthair, agus muide sa Cheardlann agus go speisialta i siopa An Spailpín, ag fáiltiú roimh chuairteoirí ó chuile chearn den domhain, chomh maith leis na céadta daoine óga ó na coláistí samhraidh. Tá an-bhorradh san áit.

Is anois don chéad uair a bhfuil seans againn ár ndearaí is déanaí a chur ar-líne, cé go raibh go leor acu ar fáil sa siopa roimhe seo, agus an-tóir orthu.

Ceann amháin fíor-spéisiúil ná an ceann 'retro' thuas. Sean-dearadh 'Ní bheidh mo leithéid arís ann' a chuir muid ar fáil i ndeireadh na nochtóidí. Tá ceann eile 'The Aran Stitchers', (i mBéarla, mar nach n-oibreodh sé i nGaeilge), agus 'Cá bhfuil na buachaillí deasa?' agus 'Mise + Tusa = Grá'  Iad seo agus neart dearaí spéisiúla eile.

Mar sin ma tá tú ag braith dul ar saoire, nó fanacht sa mbaile ag baint taitnimh as an aimsir bhreá, seo an t-am le stocáil suas ar t-léinte breátha Gaelacha.

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann nó seol ríomhphost chugainn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.,

Más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón nó tré ríomhphost  tá míle fáilte romhat.

SIOPA SA SPIDÉAL: Ar oscailt anois Luan go hAoine 9.00 go 18.00, Satharn 10.00 - 18.00. Domhnach : 10.00 - 18.00. Glaoigh 091-553343

Buail isteach chugainn má bhíonn tú sa cheantar.

Beannacht,

Gearóid & Criú