T-Léinte den Scoth

Más t-léinte Gaelacha atá uait, is againne atá an rogha agus an caighdeán is fearr. Clóite le manaí greannmhara agus dearaí dúchasacha, duit féin, do mhuintir agus do chairde.

T-Léinte as Gaeilge Geansaithe & Cochaill as Gaeilge

Ag Comóradh 1916

Sár-réimse earraí ag cuimhniú siar ar Éirí Amach na Cásca agus ar shaol na hÉireann sa tréimhse thábhachtach sin i stair na tíre.

T-Léinte Ag Comóradh 1916 Geansaithe & Cochaill Ag Comóradh 1916

…ach ní hamháin T-Léinte atá againn

Tá suaitheantais agus greamáin, foclóirí agus cúrsaí Gaeilge, clúdaigh cuisíní, pinn, cártaí beannachta agus ceol spéisiúil. Rud eicínt don uile dhuine.

Suaitheantais agus Greamáin Foclóirí agus Cúrsaí Ceol Spéisiúil

… agus don Óige?

Go leor dearaí spéisiúla ar t-léinte agus cochaill do pháistí, chomh maith le cluichí, bréagáin agus ceol.

Do Pháistí
alt

Bunaithe i 1979

Tá An Spailpín Fánach ag soláthar earraí Gaelacha den scoth le fada fada an lá.


alt

Ard-chaighdeán i gcónaí

Tá muid bródúil as caighdeán ár gcuid léinte. Tagann siad ar fad ó fhoinsí eiticiúla, agus is muid féin a dhéanann an dearadh agus an síodchló ar fad.


alt

An Ghaeilge

Is gnó lán-Ghaelach í seo. Déanann muid gach ghné d’ár gcuid oibre tré Ghaeilge i gceantar Gaeltachta.

Earraí Nua?

Na hearraí agus na dearaí is deireanaí uainn.

Is mó Tóir in ár Siopa

Rogha de na dearaí agus na hearraí is mó a bhfuil tóir ag ár gcuid custaiméirí orthu faoi láthair.

Rogha an Spailpín

Cuid de na dearaí agus na hearraí a bhfuil dúil speisialta againne iontu. Ceapann muid go dtaitneoidh siad leatsa freisin.

T-Léinte, Geansaithe & Cochaill ag comóradh 1916 

Réimse d'earrai ard-chaighdeáin ag cuimhneamh siar ar an tréimhse stairiúil thart ar Éirí Amach na Cásca 1916.

T-Léinte, Geansaithe & Cochaill Dúchas na hÉireann

Rogha de na dearaí agus na hearraí is mó a bhfuil tóir ag ár gcuid custaiméirí orthu faoi láthair.

DF 16 2013

Bhuel tháinig muid ar ais go slán sábháilte ón Treabhdóireacht agus caithfidh muid a admháil gur bhain muid an-sásamh as. Chas muid ar go leor leor daoine deasa ann agus tá muid ag súil nach ndéanfaidh siad dearmad orainn agus iad ag smaoineamh ar bhronntanais Nollag dá gcairde agus gaolta. An chéad sciúird eile ná Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne. Feicfidh muid ann sibh.

Ach anois ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas faoin stíl nua cochaill atá againn. Tá siad sár-bhog, sár-theolaí agus tá sár-stíl acu. Le fírinne, tá siad "FOIRFE...beagnach", le poill speisialta do na hordóga agus póca rúnda don iPod, céard eile a bheadh uait? Dathanna tarraingteacha d'fhir agus mná. Seiceáil amach iad. Ní bheidh díomá ort.

SLADMHARGADH RÉAMH-NOLLAIG. Má tharlaíonn tú bheith i gceantar an Spidéil ag an am, buail isteach chuig ár siopa sa gCeardlann. Beidh muid ag glanadh amach go leor stoic ar leath-phraghas le spás a dhéanamh do dhearaí nua. SLADMHARGADH 9 lá a bheidh ann: Sath. 19/10/13 - Domh. 28/10/13

FABHBANNA AGAT AG ORDÚ? Abair linn faoi. Seol ríomhphost chugainn nó glaoigh orainn ag (00353-91-553343) le linn uaireanta oibre na hÉireann, nó más fearr leat d'ordú a chur isteach thar an bhfón tá míle fáilte romhat.

Buail isteach chuig an Sladmhargadh sa Cheardlann.

Tá súil againn go mbeidh muid ag cloisteáil uait gan mhoill.

Faigh Ár Nuachtlitir

Cuir d'ainm leis an liosta-poist don nuachtlitir.

Liostáil

Ciseán Siopadóireachta

Ciseán folamh
Winner Web Award 2013